Cheadaigh Comhdháil Easpagúil na hÉireann an Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn (2015) agus thug an Suí Naofa Foraithne don Churaclam i 2015. Is ón gcuraclam seo a scríobhadh I nGrá Dé, an tsraith nua, trí Ghaeilge, in Oideachas Reiligiúnach do bhunscoileanna Caitliceacha.


Is é aidhm an Churaclaim seo ná: 'Cuidiú le páistí dul in aibíocht maidir lena saol spioradálta, morálta agus reiligiúnach, trí theagmháil agus dul i ngleic leis an gcreideamh Caitliceach'.

Tá ábhar an churaclaim seo roinnte i gceithre shnáithe idirghaolmhara: An Creideamh Críostaí, Briathar Dé, Liotúirge agus Urnaí agus Moráltacht Chríostaí. Le chéile, léiríonn na ceithre shnáithe seo an t-eolas agus an tuiscint, na scileanna agus na próisis a chuimsíonn an fhoghlaim atá le baint amach ag gach leibhéal den churaclam. Leagtar amach sa churaclam freisin, scileanna litearthachta reiligiúnacha ar chóir a fhorbairt i ndaltaí ón réamhscoil suas go dtí rang a Sé/B7. Roinntear iad seo i gcúig chatagóir: tuiscint, cumarsáid, rannpháirtíocht, litearthacht spioradálta a fhorbairt agus litearthacht idir-reiligiúnach a fhorbairt.


Tá Treoirlínte do mhúinteoirí i Scoileanna Speisialta san áireamh freisin sa Churaclam, chomh maith le freastal ar riachtanais mhúinteoirí atá ag obair le leanaí a bhfuil míchumas foghlama measartha, dian agus cuimsitheach acu. Is doiciméad tábhachtach é an Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn do gach múinteoir bunscoile.

 

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Réamhrá           

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - An Leibhéal Réamhscolaíochta

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Leibhéal a 1

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Leibhéal a 2

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Leibhéal a 3

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Leibhéal a 4

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Spriocanna um Mhúnlú an Chreidimh

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Treoirlínte don Churaclam don Oideachas Speisialta

Curaclam don Oideachas Reiligiúnach do Réamhscoileanna agus do Bhunscoileanna Caitliceacha in Éirinn - Aguisíní