Leathanach don Cheiliúraí

Máirtín Mac Conmara MSC
Blackrock, Dublin

 

1 Nollaig 2024
An Chéad Domhnach den Aidbhint

Is tráth feithimh í an Aidbhint, ag tabhairt cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an dtéama seo. Mairimid in aois ina bhfuil tuiscint mhaith againn cad is am ann, agus na mílte milliún de bhlianta atá ann ón bpléasc mhór, ó thosaigh an bheatha ó na chéad daoine daonna, agus ó thosaigh an speiceas lena mbainimid ar talamh. Ag coimeád leis an dtéama céanna: i rith a staire bhí feitheamh fada ag pobal Iosrael le teacht an tslánaithe a bhí geallta dóibh. Bhí físeanna acu de ré níos fearr ná an ceann ina mhair siad. Mhair siad trí pheannaidí agus anró. Mar an gcéanna leis an Eaglais. Nuair a thagann an focal seo Aidbhint chun cuimhne dúinn, tráth machnaimh é ar ‘theacht’ rud éigin, ag feitheamh le teacht, le teacht ríocht Dé a raibh Iosrael ag feitheamh leis, agus fiú tar éis comhlíonadh le Críost, atá fós ag teacht, agus le teacht.

Tráth ullmhúcháin a bhí san Aidbhint do theacht, do bhreith, Chríost um Nollaig. An focal Gaeilge sin ‘Nollaig’ is ó théarma Laidine ar bhrí leis ‘ceiliúradh breithe’ a thagann sé. In dtráth an chreidimh bheo, ba naofa an dá cheiliúradh, Aidbhint agus Nollaig. Agus mar atá cúrsaí anois is mó a bhaineann siad araon le tráchtáil agus caidreamh daonna ná le rúndiamhra an chreidimh. Mar sin is tráthúil an t-am í le machnamh a dhéanamh ar bhua an chreidimh, agus féachaint uirthi mar ghairm do athnuachan chreidimh. Tugann an Eaglais a leithéid de ghairm gach ré seal. Rinne an Pápa Benedict XVI í i 2011 ag comóradh iubhaile orga thús Chomhairle na Vatacáine, tráth inar ghairm sé bliain chreidimh faoi leith le tabhairt ar an Eaglais machnamh a dhéanamh a phráinní agus a bhí cúrsaí maidir le creideamh i nDia ar na saolta deireannacha seo. D’fhoilsigh sé Litir Aspalda álainn ar an ábhar, le fáil ar an idirlíon, ar fiú í a léamh i gcónaí.

 

* * *

8 Nollaig 2024
An Dara Domhnach den Aidbhint

Tugann léachtaí an lae inniu deis agus cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar an áit do fhís, idéalacht, barrashamhail agus don réaltacht i mbeatha an duine aonair agus i saol an phobail. Baineann an chéad leacht inniu go mór le fís Dé, do Iarúsailéim, Máthair Síón, agus a misean don domhan. Is samhail í Iarúsailéim de phobal Iosrael. Ba fhada i gcéin an réaltacht, cúrsaí mar a bhíodar, ón bhfís sin. Ní raibh aon fhilleadh glórmhar, sofheicthe ann. Níor íslíodh gach cnoc agus ardshliabh ná níor lionadh isteach na gleannta. Ní mór a bhfuil san fhís seo a léamh in éineacht le stair Iosrael. Ach an fhís seo faoi Mháthair Síón, is fíor í faoin Eaglais, agus faoi cad is áil le Dia faoi naofacht na hEaglaise. Mar is léir ón dara léacht inniu, bhí fís ag Pól de bheatha Chríostaí agus ghabh sé buíochas le Dia go raibh an fhís sin comhlíonta i gceann amháin dá eaglaisí óga cheana féin agus ghuí sé chun Dé go leanfadh cúrsai mar sin. Tá teachtaireacht domhain aige sin dúinn go léir inniu, ag meabhrú dúinn cad í mar ghairm Chríostaí atá againn, agus a riachtanaí is atá sé urnaí le buíochas a chur suas chun Dé go mbeadh beatha gach duine aonair againn, agus beatha na hEaglaise go léir, inniu ag teacht de réir na físe sin. Meabhraíonn an léacht ón Soisceal dúinn go bhfuil an teachtaireacht Chriostaí bunaithe go daingean sa réaltacht, sa stair. Leagann Lúcás béim air seo, rud a thugann deis agus cuireadh dúinn roinnt ceisteanna a bhaineann leis, a chíoradh san ‘Agallamh’ a leanann anseo.

 


* * *

15 Nollaig 2024
An Tríú Domhnach den Aidbhint

Is cuid de bheatha an chreidmhigh an peaca, an bhagairt ó Dhia agus pionós uaidh, ach ní thógann sin ó phlean Dé don chine daonna aagus dá phobal tofa. Plean agus beart Dé dá phobal, tá siad sin curtha in iúl sa salm a chuireann críoch le Leabhar Sófania agus gur éirim léacht an lae inniu é. Tá briathra dóchais agus sóláis dírithe ar Iarúsailéim, ar a dtugtar anseo Iníon Shíón i stíl an Bhíobla. Glactar leis go mbeidh an pobal nua seo bocht uiríseal, ag lorg dídin sa Tiarna. Níor chóir go ndéanfadh peacaí nó faillíocha sa ré a ghabh thart, ba chuma cé chomh trom nó chomh náireach iad, lagmhisneach a thabhairt. Is í teachtaireacht Dé ná gur choir gluaiseacht ar aghaidh ó ré agus peacaí den am atá thart. Tá peacaí maite. Lárthéama den salm agus den léacht seo ná lúcháir agus gartha áthais. Tá an Tiarna i measc a phobail, an Tiarna le cumhacht aige ré nua a chruthú, le lúcháir agus uchtach a thabhairt. Ní hamháin gur chóir dá phobal riméad a bheith air, ach fós a mheabhrú go bhfuil an Tiarna féin, a nDia, ina measc agus go ndéanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ar a phobal, ag tógaint gartha áthais ar a shon, faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais. Ba chóir gur chúis áthais é a fhios trí chreideamh a bheith againn go bhfuil Dia i láthair ag tabhairt maithiúnais ar pheacaí de ré atá thart agus ag tabhairt cumhachta don ré nua.

 

* * *

22 Nollaig 2024
An Ceathrú Domhnach den Aidbhint

Conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? Seo an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sléibhteach i Iúdáia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iarúsailéim ar an treo a thógtar, pé acu a théitear direach tríd san tSamáir, nó ar bhealach níos faide soir. Tá an bealach díreach thart ar 120 cilliméadar, nó 75 míle, aistear a thógfadh thart ar ceithre lá. Ní bheadh teach Eiliosaibeit ró-fhada ó Iarúsailéim, bíodh nach eol dúinn go beacht cá raibh sé. (Níl sé deimhin go raibh sé in Ain Karim, an láthair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach níorb spéis do Lúcás nó do chuid mhór againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire – le comghairdeachas a dhéanamh le Eiliosaibeit agus le cabhrú lei, ag fanacht lei b’fhéidir gur rugadh a mac (Eoin). Cuireann Lúcás pointí eile os ár gcomhair chomh maith. Ceann díobh ná an réamhtheachtaire Eoin i mbroinn a mháthar ag beannú don Slánaitheoir Íosa, eisean i mbroinn a mháthar chomh maith. Ansin tá Eiliosaibeith ag fógairt dínit Mhuire go hard mar mhathair an tSlánaitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar ‘mháthair mo Thiarna’, agus fós Muire mar eiseamláir fhoirfe an chreidmhigh Chríostaí, ‘Is méanar di seo a chreid’, murab ionann agus a fear céile Zachárias a raibh amhras air.

 

* * *

25 Nollaig 2024
Sollúntas Bhreith Ár dTiarna

An Chéad Léacht(Íseáia 9:1-7). Tugadh mac dúinn. An fáidh a chum an léacht seo bhí sé ag féachaint siar agus ar aghaidh – siar ar an slad a rinneadh ar an Ghailíl, ag fórsaí na hAsaíre is dócha sa bhliain 732 roimh Chríost. Dorchadas a bhí ann nuair a cuireadh déithe bréige in ionad Dhia Iosrael. Ansin féachann sé ar aghaidh nuair a bheidh an bua ar an dorchadas sin. Tá cur síos ar an riméad a bheidh ann an lá sin, bua mar a bhí ag Iosrael ar a naimhde ar na Midianítigh, creachadóirí, in aimsir na mBreithiúna. Ach ré síochána a bheidh ann sa todhchaí seo, agus an chúis a bheidh lei ná saolú nó breith linbh, breith isteach sa saol seo agus breith ríoga ag glacadh seilbh ar a choróin. Mac Dháiví a bheidh ann, ag cur tús le ré an chirt agus na fíréantachta. Déanann díograis Dé dá ghealltanais deimhin de go dtiocfaidh an lá seo. Fíoradh an fhís sin le breith Chríost, ach ar ndóigh is le cabhair uainne a thiocfaidh an ré nua siochána ann.

Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc. Scríbhinn déanach de chuid an Tiomna Nua é an Ceathrú Soiscéal, Soiscéal Eoin, curtha le chéile thart ar an mbliain 100 b’fhéidir. Toradh é ar dhianmhachnamh ar an rúndiamhair maidir le gaol Íosa leis an Athair. Ceist a bhí ann an raibh Íosa Críost ann roimh an Ionchollú, agus má bhí conas sin. An leiriú atá i mbrollach shoiscéal Eoin, a léitear inniu, ná go raibh sé ann mar an Briathar. Bhí an Briathar ann ó thús agus ba Dhia an Briathar. Admháil shoiléir atá anseo ar dhiagacht Íosa Criost. Ansin san Ionchollú ‘rinneadh feoil den Bhriathar’, Ghlac an Briathar colainn dhaonna, chun solas a thabhairt ar an saol agus clann Dé a dhéanamh de gach aoinne a chreideann ann.

 

* * *

 

29 Nollaig 2024
Féile an Teaghlaigh Naofa

Faigheann a thuismitheoirí Íosa ina shuí i measc na máistrí. Seo í an mhír dheiridh de naíonscéalta Shoiscéal Lúcáis, agus críochnaíonn siad mar ar thosaigh siad (le Zachairias) i dTeampall Iarúsailéim. Sa mhír seo, amhail sna cinn eile, leagann Lúcás béim ar a thugtha is a bhí Muire agus Iósaef do dhílseacht do Dhlí Mhaois, do chleachtadh chreideamh a gcine.

Éirim an chuntais seo ná a leiriú go nochtann Íosa é féin mar Mhac Dé, mac a Athar, seachas ball de theaghlach Mhuire agus Iósaef í Nasarat amhaín. I gceann de chlósanna an Teampaill glacann Íosa páirt i diospóireachtaí agus cuireann iontas ar mháistrí an léinn ansin lena cheisteanna agus a fhreagraí. dteach) m’Athar nárbh fholáir dom bheith?’ Is féidir ceachtar den dá aistriúchán ‘i ngnótha’ nó ‘i dteach’ (m’Athar) a chur ar an mbunleagan Gréigise, ach is ionann ciall dóibh: an misean a thug m’Athair dom, nó i dteach m’Athar, an Teampall, agus gach ar sheasann sin dó, Dia i láthair ar domhan, an Teampall mar theach urnaithedon uile chine ar domhan. Ní foláir d’Íosa bheith bainteach leis sin; tá riachtanas leagtha air, faoi mar a dhéarfaidh Íosa níos déanaí leis na sluaite a bhi ag iarraidh é a choimeád lámh le Cafarnáum: ‘Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé’ (Lúcás 4:43).

Níor thuig Muire agus Iósaef an focal a labhair Íosa leo – ní nach ionadh dúinn. Bhí dhá st anois: teaghlach neimhe, Íosa agus a Athair, agus teaghlach Nazarat mar ar oileadh Íosa. Le rúndiamhair a bhainte le Dia foilsithe, filleann Íosa ar a dhaonnacht ar talamh, go teaghlach Nazarat le bheith, mar is dual don ógánanch daonna, umhal, faoi smacht, a thuismitheoirí. Tá Muire, mar chreidmheach eiseamláireach, i láthair rúndiamhaire nach dtuigeann sí go hiomlán, agus thaiscigh sí go dílis na nithe sin ina crói. Agus leanann Íosa leis ag fás agus ag dul ar aghaidh in eagna agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.

 

* * *

5 Eanáir 2025
An Dara Domhnach tar éis na Nollag

Rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc. Cuireann an léacht seo inár láthair teagasc soiléir faoi dhiagacht Íosa Críost, buaicphointe ar mhachnamh fada agus doimhin ó thaobh na luath-eaglaise ar an ghaol atá ann idir Íosa ó Nazarat agus a Athair ar neamh, idir Íosa agus Dia. I gCéasaráia Philib d’iarr Íosa ar a dheisceabail: ‘Cé hé a deir sibse mé?’ Thar a gceann d’fhreagair Peadar: ‘Is tú an Críost’ (an Meisias). Sin de réir Mharcais. De réir Mhatha d’freagair Peadar: ‘Is tú an Críost, Mac Dé Bheo’, agus mar fhreagra ar sin dúirt Íosa nach ón nádúr daonna a admhaigh sé é sin, ach gur fhoilsigh a Athair ar neamh dó é. D’fhan an cheist maidir le gaol Íosa leis an Athair, le Dia, tar éis aiséirí agus deascabháil Chríost agus leis an lárphointe creidimnh go raibh sé ina shuí ar dheaslámh Dé. Mar thoradh ar sin, thart ar dheireadh an chéid tosaigh, cuireadh i bhfoirmle foirmeálta é gurb Dia é Íosa Críost. Tá an creideamh sin curtha go soiléir i léacht an lae inniu; ‘Agus ba Dhia an Briathar’, agus arís ag deireadh shoisceal Eoin mar a admhaíonn Tomás amhrasach le hÍosa: ‘Mo Thiarna agus mo Dhia’. Sa bhrollach seo don Soiscéal tugann Eoin ‘an Briathar’ ar Íosa, i mbroinn an Athar, roimh an Ionchollú. Ag baint úsáide as íomhánna atá le fáil comh maith i litríocht Eagna na nGiúdach, is féidir leis labhairt ar ghníomhaíocht an Bhriathair i gcruthú na cruinne. Leagann sé béim ar ghnéithe de thréithe agus gníomhaíocht an Bhriathair roimh an Ionchollú a bhfuil baint acu lena mhisean mar Shlánaitheoir: beatha agus solas, agus ansin déanann sé an admháil mhór chreidimh: ‘Rinneadh feoil den Bhriathar, agus chónaigh sé inár measc’. Glóir Íosa a chonnaic na hAspail, ionann í i sli agus a phearsa, an rúndiamhair a bhaineann leis, a theagasc agus gach a bhain leis. I leabhar Ben Sira (Ecclesiasticus), tar éis léacht an lae inniu, deir an t-údar beagnach gur ionann an Eagna agus an Conradh, an Dlí a d’ordaigh Dia do Iosrael. Cuireann an Brollach seo Eoin in aghaidh a leithéid de ráiteas. An Dlí amháin a tugadh trí Mhaois. Tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críos.

 

* * *

12 Eanáir 2025
Féile Bhaiste Ár dTiarna 

Nuair a bhí Íosa féin baiste agus ag guí osclaíodh na flaithis. Tosaíonn gach ceann de na ceithre Soiscéil ar bheatha phoibli Íosa le cuntas ar sheanmóireacht Eoin Baiste agus bhaisteadh Íosa. Tá béim ar dhá phointe i léacht an lae inniu ó Shoiscéal Lúcáis: fionraí ar an bpobal faoi theacht an Meisias agus áit na hurnaí i ministreacht Íosa. Tá a fhios againn ó fhianaise an staraí Ghiúdaigh Iosefus, comhaimsearach le Lúcás, go ndeacha seanmóireacht Eoin Baiste i bhfeidhm go mór ar an bpobal. Is sothuigthe go measfadh daoine áirithe gurbh é an Mesiais é, rud a shéanann Eoin. Labhraíonn Eoin faoi dhuine eile níos treise ná é a bhí chun baisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine. Ní shonraíonn Eoin cad a bhí i gceist aige leis an Spiorad Naomh. Déanfar sin soiléir ag baisteadh Íosa. Déanann Íosa é féin amhail ball ar bith den ‘phobal uile’ a bhí ag lorg baiste Eoin ag teacht chun baisteadh dó. Rud suntasach atá ag Lucás, nach bhfuil ag na soiscéalaithe eile, ná urnaí Íosa tar éis a bhaiste.

Tús do noiméad nua ina mhisean a bhí ann agus meabhraíonn Lúcás dúinn go ndéanfadh Íosa dul i leataobh do urnaí ina leithéid de chásanna. Roimh an Dáréag a roghnú chuaigh Íosa amach faoin sliabh chun gui, agus thug an oíche go léir ag guí Dé (Lúcás 6:12). Luann an trí Shoisceal Sinoptacha urnaí Íosa i Geitséamainí. Bhí Íosa bainteach le fhoilsiú rúndiamhair Dé, rúndiamhair nach dtuigtear ach trí chreideamh agus le hurnaí. Tar éis a bhaiste, is le linn dó bheith ag guí a osclaíodh na flaithis agus ar thuirling an Spiorad ar Íosa agus ar tháinig glór an Athar ó na flaithis ag rá le hÍosa gurbh é Mac Muirneach an Athar é. B’ionann na flaithis ar oscailt agus a rá go raibh an talamh, an domhan, nasctha, in agallamh, le neamh. Ní neach éigin neamhphearsanta Dia. Bhí ceangal idir neamh agus talamh trí fhoilsiú. Déantar an bhrí atá le teacht an Spioraid Naoimh ar Íosa níos soiléire i mbriathra Pheadair do theach an phagánaighCoirnéilias (Gníomthartha 10:38): ‘Choisric Dia Íosa leis an Spiorad Naomh agus le chumhacht, agus chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia leis’.

 

* * *

19 Eanáir 2025
An Dara Domhnach Saor

Rinne Íósa an chéad cheann dá mhíorúiltí i gCana na Gailíle. Bíodh gurbh í bliain Shoiscéal Lúcáis an bhliain seo, blain C, an tríú bliain den chúrsa, tógtar léacht an lae inniu ó Shoiscéal Eoin. Go traidisiúnta léadh an sliocht seo gach bliain ar an Domhnach tar éis Féile Bhaisteadh Chríost (an Domhnach seo caite). Sa traidisiún liotúirgeach tógadh an tri cheiliúradh, an Eipifáine (6 Eanáir), an Baisteadh agus an Domhnach seo mar trí gnéithe de fhoiulsiú rúndiamhair Íosa – ag na saoithe (Eipifáine), ag a Athair (ag a bhaisteadh) agus uaidh féin ag bainis Cana (inniu). An mhiorúiIt an tslí ina a chuireann an Soiscealaí Eoin beatha phoiblí Chriost inár láthair, faoi mar ar rinne Matha (sa Ghailíl) agus Lúcás (i Nazarat) é ina slíte féin. Ba chóir dhá eochairfhocal de chuid Shoiscéal Eoin, a mbaintear úsáid orthu sa léacht seo, a thabhairt faoi deara, is iad sin ‘comhartha’ agus ‘uair Íosa’. I Soiscéal Eoin tugtar comharthaí ar mhíorúiltí toisc go ndíríonn siad ár n-aire ar fhírinne éigin níos doimhne. Ionann ‘uair Íosa’ i Soiscéal Eoin agus uair a ghlóirithe, a bhais ar an gcrois, agus a dheascabhála go deaslámh an Athar. Tá an léacht seo lán de shiombólachas. Maidir le briathra tosaigh na léachta sa leicseanáir ‘Sin am sin’, is é atá sa Bhíobla féin ná ‘Sa tríú lá’ bhí pósadh i gCana sa Ghailíl. Níltear ar aon tuirim faoi chúis an data bheacht sin.

     An é an tríú lá tar éis na heachtraí eile a luadh roimhe sin, nó an raibh fáth éigin eile leis a uimhir? Tarlaíonn sé gur thug traidisiún na nGiúdach faoi deara go bhfuil brí dhearfach le úsáid an natha ‘trí, nó tríú, la’ sa Bhíobla, gur ceann díobh Hóisé 6:2, inar chonacthas tagairt do aiséirí na colainne. Réamhthaispeáint a bhí i míorúilt Chana de Uair Íosa. Athrú an uisce (a úsáideadh i gcóir íonghlanadh deasghnáthach na nGiúdach) go fíon, siomból a bhí ann, b’fheidir, den chlaochlú a dhéanfadh Íosa den Ghiúdachas lena bhás, a aiséirí, agus a dheascabháil, a Uair. Cuireann Íosa forrán ar a mháthair mar ‘A bhean’, mar a dhéanfaidh sé agus i ag bun na croise (Eoin19:26), nuair a bhí an Uair tagaithe. Teideal le brí faoi leith a bhí anois ann.

 

* * *

26 Eanáir 2025
An Tríú Domhnach Saor

Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta. Fear litríochta agus scribhneoir cruthanta ab ea Lúcás, an Tríú Soiscéalaí. Bhí sé gníomhach is dóichí sna 90í den aois seo againne agus thug sé dúinn dhá scríbhinn, an Tríú Soiscéal agus Gníomhartha na nAspal. Sa chéad scríbinnn díobh seo ríomhann sé an chéad chéim den ghluaiseacht Chríostaí, chomh fada le deascabháil Íosa. Sa dara scríbhinn insíonn sé leanúint na gluaiseachta sin ón deascabháil agus ó chathair naofa Iarúsailéim, agus trí mhinistreacht Phóil go dtí an Róimh féin, príomhchathair impireacht na Róimhe. Tá réamhrá ag gach ceann den dá scribhinn, iad tiomanta do ‘Teofal ró-uasal’, duine nach eol dúinn as foinsí eile, ach de réir dealraimh a bhí ina Chríostaí oilte agus den uasal aicme.

Sa réamhrá don Soiscéal tugann Lúcás le fios go scríobhann sé de bharr gur thug sé faoi deara go raibh cuntais foilsithe ag a lán faoi thús ré na Críostaíochta, agus ní foláir ná gur mheas sé go rabhadar easnamhach. Deir sé gur mian leis cuntas in eagar, i ndiaidh a chéile, a thabhairt ar scéal bheatha Íosa. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé chun ord ama a leanúint, ach leagan amach a sholáthair a thabhadfadh na heachtraí mar aon leis an mbrí a bhain leo. Sampla maith de sin léacht an lae inniu. Mar aon leis na soiscéalaiithe eile tosaíonn Lúcás le baisteadh Íosa ag Eoin. Ina dhiaidh sin déanann sé tagairt ghearr do shaothar Íosa sa Ghailíl, le teacht ansin go Nazarat (nó Nazará mar a thugann Lúcás air). I suíomh liotúirgeach sa sionagóg ansin osclaíonn Íosa leabhar Íseáia agus téann sé go hÍseáia 61:1-2 (feic chomh maith Íseáia 58:6) leis an fháistine álainn faoi phearsa atá seolta amach ag Spiorad an Tiarna le bliain ghrásta an Tiarna a fhógairt. Bheadh móran Giúdach ag tnúth le teacht an lae sin. Dúirt Íosa lena lucht éisteachta go raibh briathra scríbhinn sin Leabhar Íseáia comhlíonta i gclos a gcluas. Clár dá mhinistreacht féin a bhí ann.

 

* * *

All Irish homily texts for the three years by Máirtín Mac Conmara MSC as in ‘Sunday Scripture Online’ have been published by ‘An Sagart’, Maynooth, under the titles Machnamh 1, 2, 3 at €10.00 per volume.