PRODUCT CODE: 9781847309006 Education

I nGra De 7 Pupil Book, Fifth Class

by Veritas Education
€14.99
add to cart
  add to list
Product Details
Customer Reviews (0)
Delivery

Description

I nGrá Dé 7 Pupil Book, Fifth Class
Textbook

Is é I nGrá Dé an tsraith Oideachas Reiligiúnach nua do bhunscoileanna in Éirinn. Chun cuidiú le curaclaim nua, ceadaithe ó Chomhdháil Easpag na hÉireann a thabhairt isteach, cuirfear I nGrá Dé ar fáil in ionad Beo go Deo, sraith a tugadh isteach don chead uair i 1997. Leanfaidh an t-athsholáthar seo ar feadh ceithre bliana amach anseo.

Tá gach clár sa tsraith I nGrá Dé roinnte i dtéamaí, a thugann deis do mhúinteoirí déileáil leis na téamaí éagsúla agus baint a thógáil as pleanáil agus comhtháthú traschuraclaim i múineadh an Oideachais Reiligiúnaigh. Tá na téamaí éagsúla deartha le go leanfaidís idir dhá agus ceithre seachtaine. Chomh maith le Nótaí an Mhúinteora agus na bileoga oibre i Lámhleabhar an Mhúinteora (ar féidir fótachóip a dhéanamh dóibh), cuirfear sraith chuimsitheach d’acmhainní ar líne ar fáil saor in aisce freisin, lena n-áirítear léaráidí a théann le gach scéal, gearrthóga físe agus naisc ghréasáin le haghaidh tuilleadh staidéir.

Gach seachtain, iarrfar ar thuismitheoirí agus ar bhaill teaghlaigh cabhrú lena gcuid páistí rud éigin a bhaineann leis an chlár a dhéanamh sa bhaile. Ar an gcúis sin, cuirfidh leabhar an pháiste, I nGrá Dé, léaráidí, scéalta, dánta agus gníomhaíochtaí do theaghlaigh ar fáil, le déanamh le chéile sa bhaile. Tabharfar cuireadh do thuismitheoirí agus do leanaí freisin, labhairt agus guí a dhéanamh faoin méid a bhfuil á fhoghlaim acu ar scoil.